Le do thoil ná déan torrent thar Tor. 
           Cuirfidh Brabhsálaí Tor bac ar fhorlíontáin brabhsálaí ar nós Flash, RealPlayer, QuickTime, agus eile: is féidir iad a láimhseáil chun do sheoladh IP a nochtadh.
         
        
          Ní mholtar breiseáin nó forlíontáin bhreise a shuiteáil i mBrabhsálaí Tor
          D'fhéadfadh forlíontáin nó breiseáin Tor a sheachbhóthar nó dochar a dhéanamh do do phríobháideachas. Tagann Brabhsálaí Tor le modh HTTPS-Only, NoScript, agus paistí eile cheana féin chun do phríobháideachas agus do shlándáil a chosaint.